Get Adobe Flash player

 seachtain20174


Díreach roimh Lá Féile Pádraig i mbliana, baineadh an craic as Seachtain na Gaeilge sa scoil. Is féile idirnaisiunta Ghaeilge í seachtain na Gaeilge atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr. Rinne na paistí sár-iarracht pé Gaeilge atá acu a usáid sna ranga, sa chlós agus go neamhfhoirmúil i rith an lae. Bhí imeachtaí breise maidir le tráth na gceist, fiche ceist leis na múinteoirí agus cuairteanna ó ceoltoirí Ms. Colfer, freisin. Don lá deireanach, d’ fhreastal na cailiní ar Chéilí mór sa halla. Táimid an-bhuíoch do Mrs. Benson a d’eagraigh imeactaí na seachtaine.

imageimageimageimageimageimageimageimage